Fearadh na fáilte romhat!

Sé do bheatha go siopa leabhar ar-líne An Ceathrú Póilí. Tá muid ar cheann de na siopaí leabhar neamhspleácha is faide ar an fhód in Éirinn, agus speisialtóireacht againn i leabhair Gaeilge, ach fosta i leabhair i nGàidhlig, i mBéarla agus i dteangacha eile (dátheangach). Bain sult as na seoda atá againn le tairiscint, agus go raibh maith agat as cuairt a thabhairt!

'Dearg' le Máire Zepf

Tá Fionn an-phaiseanta faoi go leor rudaí sa tsaol – a cuid cairde, an teanga, cearta daonna– ach aon uair a dhéanann sí iarracht labhairt os comhair daoine eile, teipeann ar a misneach. Nuair a éiríonn sí féin agus a cairde tógtha leis an ghluaiseacht cearta teanga i mBéal Feirste, déanann sí cinneadh: caithfidh sí a glór féin a aimsiú. Ach tarlaíonn rud tubaisteach d’Fhionn. Anois, beidh uirthi labhairt amach – ní hamháin ar son na cúise, ach ar a son féin. Ní fada go bhfoghlaimeoidh sí cé chomh misniúil is atá sí i ndáiríre, agus cé chomh cumhachtach is atá a glór nuair a éiríonn léi é a úsáid.

Foilsitheoir

Futa Fata

Dáta foilsithe

14/09/2026

Scríobh léirmheas ar an leabhar atá ceannaithe agat agus gheobhaidh tú lascaine 10% ar do chéad ordú eile.

Bí cinnte cuntas a chruthú nó logáil isteach le linn an tseiceáil amach. Ní féidir léirmheasanna a fhágáil ach le haghaidh ceannacháin fhíoraithe.

Tá leabhair Ghaeilge á ndíol againn le 42 bliain. Tá an siopa bunaithe i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich sa Cheathrú Ghaeltachta i mBéal Feirste. Seoltar ar fud an domhain leabhair do Ghaeilgeoirí agus d'foghlaimeoirí díograiseacha eile.